|
Other works

Caoimhghin Ó Croidheáin -
Making a break for it, South Great Georges Street , Dublin.
Oil on canvas / Ola ar chanbhás 60cm x 80cm
Ag
trasnú na sráide
And I will
show you something different from either
Your shadow at morning striding behind you
Or your shadow at evening rising to meet you;
I will show you fear in a handful of dust.
TS Elliot ‘The Wasteland’.
Solas bán geal an lae. Fuar agus lom. ‘faoiseamh a
gheobhsadsa seal beag gairid’ murach na fiacha nach féidir liom a
lámhseáil anois. Oh tá athrú ar an scéal agus is í imní focal an lae í.
Imní ag na infheisteoirí, imní ag forbróirí nach dtógfar níos mó
árasáin; nach gclúdóidh siad an tír ghlas álainn le réileán tí; imní ag
na polaiteoirí nach dtugfar na comhlachtaí idirnáisiúnta an t-airgead
dóibh chun a bhfadhbóg ghealgháireach a choinneáil dul. Imní, buairt,
drogall, eagla: gluaisteán an domhain caipitligh.
Fadhbóg mó shaoil chomh maith. In n-earrach ár gcaidreamh, ba mhilís
ansin ár bpóga agus brionglóidí…Jane, dlíodóir úr gnéasúil is mise
nua-cheaptha mar bhainisteoir le IBM. Deochanna i gCafé en Seine,
collaíocht ar meisce sna leithris…ah is cuimhin liom an cocaine leagtha
síos sna sléibhte bíogacha a cíche. B’shin an líne! Costas: teach mór,
SUV agus páistí; trí rud a chuireann críoch ar shuaimhneas! Ah
suaimhneas, is breá liom an focal! Ní bhfeidhmse morán dá chuid faoi
láthair… ‘sleep that knits up the ravelled sleeve of care’ sé seo i
bhfad uaim anois…braithim athrú ar a pearsantacht ó chaill mé mó phost níos
doimhne ná buairt níos…cén focal? Níl…b’fhéidir. Tá sí ag duiltiú
comhriachtaine liom don chéad uair..,ciallaíonn sé… ciallóidh sé.. ní
féidir léi bheith in ndólás….téann sí amach ó am go chéile, chuig an
club tennis…. fear eile? Nach raibheamar in ngrá?..in ngrá le
Lebenstil Liebe des Lebenstils: sin é…agus anois seachas ‘ich liebe
dich’ tá ‘ich liebe Dick, dick eile! Faigheann sí alán teachtaireachtaí
ar a fón póca..áiféala? sea, ar ndóigh…aisteach an t-uaigneas a
bhraitheann tú i measc daoine.. trasnóidh mé an bother…mothaím mar
fhánaí i bhfásach an..seo…an caillín os mo chomhair… coirp deas…
Polannach is dócha… cíocha…ecce illa mameta…an bhfaca sí mé? Bheadh sé
sin difriúil, nach mbeadh? Girseach Pholanach idir na braillíní..tak tak
ah boze, dobze tak…ah cailín pléisiúir le cánúint óir tabhair leigheas
do mo dhrúis!
Táim bréan d’agallaimh agus na ceisteanna ceanann céanna síoraíoch… “an
bhfuil taithí agat? An maith leat beith ag obair mar chuid den fhoireann?...an
bhfuil tú cumasach nuair a tá tú faoi bhrú?” Blah blah blah. Tógfaidh
mé café don nóiméad beag bídeach. Tabhairfaidh mé rábóg ar bhord le
cappuchino…iarracht fail réidh le mó scáth, scáth m’ aimsir caite agus
scáth dolásach na haimsir atá le teacht…smidiríní mo chlainne, deannach
leanúnach an dóchais chaillte.
Gearóid Ó Colmáin
http://metrogael.blogspot.com/
Other works |